Scoil: Fearainn an Choirce (uimhir rolla 14532)

Suíomh:
Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Ó Maoldhomnaigh

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Luibheanna

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0001, Leathanach 248

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Siad na luibheanna atá go dona ag an talamh an chupóg Ruadh, Crúba buidhe agus an Deosadán. Sé an díoghbhail a dhéanann siad, bochtuigheann siad an talamh agus millean siad an talamh. Is ar thalamh mhait a fhásann an Deosadán agus an chupóig Ruadh. Is ar thalamh bocht a fhásann an Neantóg agus na Crúba buidhe. Tá leigheas ag an Meacan Leoin ar láimh a bheadh leonta. Sé an caoi a gcuirteaar in úsáid é a chur le do láimh. Tá an fhiolún go maith le h-aghaidh Canncair. Leigheasann an teangaCapall dóghadh. Leigheasann buachaill an tíghe súile tinne. Tá deiligní air, agus bíonn súgh ann agus cuimiltear do'n tsúil é. Leigheasann lus na bhFranncach é. Sé an chaoi a gcuirtear in úsáid é, é a mheilt agus é a ghlanadh agus an súgh atá ann a fháisceadh, uisce a chur air agus é a ól. Dáthochadh neanntóga éadach acht bhéarfadh sé dath gránda air. Tá nimh insan Meacan Caorach, mar dhá n-íosfadh na caoirigh é chaillfidhe iad. Bhíodh daoine áithrídhe ag cur caoi ar luibheannaibh agus ag leigheas daoine leób. Bhí bean in Árainn ar a dtugtar; Nella an Tower". Bhí sí indon úsáid a dhéanamh de luibheannáibh le daoine a leigheas. Ba as Cillcinde an bhean sin.

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Máire Ní Fhlaithbheartaigh
Inscne
fireann
Seoladh
Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe
Faisnéiseoir
Pádraig Ó Flaithbhearta
Inscne
fireann
Seoladh
Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe
Teanga
Gaeilge