Scoil: Fearainn an Choirce (uimhir rolla 14532)

Suíomh:
Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Ó Maoldhomnaigh

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Fearainn an Choirce | Bailiúchán na Scol

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0001, Leathanach 245

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Tá Tobar an Spiorad Naoimh in Eonacht ináit ar a dtugtar na Seacht Teampuill. Tá tobar Cheathrar Áluinn i gCobhruabhach. Fadó bhí brionglóid ag bean i gcion Maicne Mara dhá dtagadh sí go dtí an tobar sin go leigheasfaidhe a mac a bhí dall. Tháinig sí isteach go h-Oileáin Árainn. Chuir sí tuairisc cá raibh an tobar agus is tuisce a fuair a mach amach é na an máthair. Nuair a bhí sé ag teacht i ngar don tobar tháinig amharc ina súilíbh. Bhí bród agus ríméad ar chroidhe an mháthar mar gheall air gur thuit an bhrionglóid amach fíor. Tá tobar i gCill Éinde ar a dtugtar Tobar Chuilm Chille. Tá an tobar sin ann i gcuimhne an am a bhí Colm Cille in Árainn. Fadó thug bean uisce ar an tobar sin. Chuir sí ag bruith fataí é, Ní raibh a fhios aige an raibh aon díoghbhail é a chur mar sin, agus níor bhruith na fataí. Tá tobar eile igCill Éinde ar a dtugtar Tobar na Mná. Níl aon uisce ann anois, mar do chaith produstúnach smugarlaigh ann le droch mheas a'spáint do'n tobar, agus níor tháinig aon uisce ann ó'n am sin.

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Mór Ní Fhátharta
Inscne
baineann
Seoladh
Gort na gCapall, Co. na Gaillimhe
Faisnéiseoir
Séan Ó Fátharta
Gaol
tuismitheoir
Inscne
fireann
Seoladh
Gort na gCapall, Co. na Gaillimhe
Teanga
Gaeilge