Scoil: Fearainn an Choirce (uimhir rolla 14532)

Suíomh:
Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Ó Maoldhomnaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0001, Leathanach 243

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0001, Leathanach 243

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Fearainn an Choirce
  2. XML Leathanach 243
  3. XML “Toibreacha Beannaithe”
  4. XML “Toibreacha Beannaithe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá tobar i gCill Éinne ar a d-tugtar Dabhach Éinne. Níl aon uisce ann anois, mar tá sé ráidhte gur nigh bean gan aon Chreideamh a cosa ann.
    Tá tobar eile i gCill Éinne ar a d-tugtar Tobar Chuilm Chille. Tá an naomhadh lá de Mheitheamh ceapaighthe amach le turas a thabhairt ar an tobar. Ní féidir aon turas a thiubhairt timcheall ar an tobar, mar sé an chaoi atá an t-uisce ag teacht as aill mhóir áird, acht tá altóir socruighthe tuairm le dhá chéad slat thiar de'n tobar, agus annsin tugtar an turas. Téigheann na daoine ar a n-glúiníbh ó's comhair na h-altóra, agus deireann siad páidreacha. Baineann siad a m-bróga dhíobh, agus téigheann siad timcheall seacht n-uaire agus iad ag rádh an Phaidrín pháirtigh. Tá eibheann agus blátha fiadhana ag fás o's cionn an tobair.
    Bhí tobar eile i-m-baile Chillrónáin fadó ar a d-tugtar Tobar Naoimh Rónáin. Níl aon tuairisg air anois, mar thuit clocha, agus fód síos ann,
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Bríghid Ní Chongaile
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Eochaill, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Conghaile
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Eochaill, Co. na Gaillimhe