Scoil: Fearainn an Choirce (uimhir rolla 14532)

Suíomh:
Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Ó Maoldhomnaigh

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Fearainn an Choirce | Bailiúchán na Scol

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0001, Leathanach 233

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Ta bóthar ag dul síos ó Fhearann an choirce go dtí an fharraige ar a dtugtar bóthar na Muirbhigh. Rinneadh é roimh aimsir an droch shaoghail. Bhí an bóthar déanta i gcomhnuidhe ach gur cuireadh caoi air. Chuir an riaghaltas an obair sin ar bhun. Sé an riaghaltas freisin a thug bpáigh dhóibh. Níl aon chasán ann ar a dtéidheann na daoine ag Aifreann nó ag aonach. Tá an bóthar seo i-n-úsáid fós. Rinneadh cuid mhór bóthar i-n- aimsir an droch shaoghail. Sé an páigh a thugtaí dhóibh an uair sin deich bpigne san tseachtmhain. Bhíodh mná ag obair ar na bóithríbh sin. Sé an páigh céadna a bhíodh do na mnáibh is a bhíodh do na fir. Tá bothar eile ag dul ó Chabhruabhach air. Bíonn daoine ag dul ann fós. Rinneadh é tuairim 100 bliadhain ó shoin. Tá sé in úsáid fós. Sé an páigh céadna a bhí siad ag fághail agus a bhí siad ag fághail nuair a bhí bóthar Fhearainn an choirce dhá dhéanamh. Bhí an bóthar déanta i gcomhnuidhe ach gur cuireadh caoi air. Sé an righaltas a thug cead dóibh caoi a chur ar.

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Máire Ní Ghillín
Inscne
baineann
Seoladh
Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe
Faisnéiseoir
Seán Ó Gillín
Gaol
tuismitheoir
Inscne
fireann
Seoladh
Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe
Teanga
Gaeilge