Scoil: Fearainn an Choirce (uimhir rolla 14532)

Suíomh:
Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Ó Maoldhomnaigh

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Fearainn an Choirce | Bailiúchán na Scol

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0001, Leathanach 228

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Tá cros bhóthar i gCillmhuirbhigh ar a bhfuil trí ainm bóithrín Ghort Callach uisce, agus achar suas uaidh sin tugtar bóithrín Chriag na Réaltóige air, agus achar beag eile uaidh sin tugtar bóithrín Gleainín an Tairbh air. Is é an fáth a tugtar bóithrín Ghort Callach uisce air mar tá tobar san mbóthar ar a dtugtar bóithrín Chreig na Réaltóige air, mar is é an t-ainm atá ar na craigíbh ata timcheall air "Na Realtóige". Tá bóithrín an Arrdhaghairt ann freisin. Sé an fáth a dtugtar an t-ainm sin air mar bhí fear ag obair san bpáirc ann fadó agus sceadáin ghoirt a chuaidh ar a dhinnéar aige agus dubhairt sé "Is goirt an ardha iad seo." Tá boithrín bhuaile na n-Uan ann, agus bóithrín an Chiumach. 'Sé an fáth a dtugtar bóithrín an Chiumach air mar tá sé lán le driseachaibh. Tá bóthar an Chreó Mhóir ann, mar tá creó caorach ann, agus tá bóithrín

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Mícheál Ó hIarnáin
Inscne
fireann
Seoladh
Cill Mhuirbhigh, Co. na Gaillimhe
Faisnéiseoir
Tomás Uá Chonghaile
Inscne
fireann
Seoladh
Cill Mhuirbhigh, Co. na Gaillimhe
Teanga
Gaeilge