Scoil: Fearainn an Choirce (uimhir rolla 14532)
- Suíomh:
- Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Maoldhomnaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Fearainn an Choirce
- XML Leathanach 227
- XML “Cluichí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)a leigint dóibh tuitim ar dhruim do láimh agus iad a chaitheamh suas agus a bhreith ar gach ceann le bois do láimhe. Tugtar "Screaga Béilín" ar an gcéad ronn eile de'n cluiche: iad a chaitheamh ar an talamh, agus iad a chur ó cheann go ceann in do bhéal agus iad a chaitheamh ar an talamh aríst agus na screaga a thógáil in éindigh.
"Up and up and Down" a tugtar ar an gcéad chuid eile. Iad a chur ar dhruim do láimhe agus iad a leagan ar an talamh agus iad a chaitheamh suas i-n-a gcúplaibh comh fada is a thaithneóchadh leat gan cliseadh.
"Nickel Nickel Jackel" a ghlaodhtar ar an gcéad seo thíos. Dhá screag a thógáil indo láimh. Screag a chaitheamh suas agus an ceann eile a choinneál indo láimh agus an screag i d'laimh a leagan ar an talamh agus an chuid eile a thógáíl ó cheann go ceann go mbeidís uilig agat.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Fhlaithbhearta
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Bean Phádraig Uí Fhlaithbhearta
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe