Scoil: Fearainn an Choirce (uimhir rolla 14532)
- Suíomh:
- Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Maoldhomnaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Fearainn an Choirce
- XML Leathanach 222
- XML “Cluichí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)taobh fluich agus taobh tirim, agus an dream acu a déarfar go mbeidh an taobh fluich thuas agus go deire n-iompóchaidh an taobh tirim thuas, caithfidh an dream sin dul taobh amuigh, agus an dream eile ag bualadh na liathróide adcu. Caitheann gasúr de'n dream amuigh an ball suas ag duine dena daoiníbh istigh agus buaileann sé sin í le maide atá timcheall dhá throigh an fhaid, agus cuireann sé amach ag an dream amuigh í.
Annsin ritheann an gasúr a bhuaileann an ball go dtí an "daor" taobh amuigh. 'Sé an nidh "daor" ná cloch leagtha timcheall ochtmóghadh slat ó'n áit a mbuailtear an "ball" agus má fhéadann duine de'n dream amuigh é a bhualadh leis an mball sul a shroiseann sé an "daor", beidh sé dóighthe, agus gabhaidh an dream amuigh isteach annsin ag bualadh amach na liathróide ag an ndream a bhí istigh ar dtús. Bítear ag bualadh cead adhmaid atá dhá orlach ar fhaid, agus cuma uibhe fada air. Cuirtear poll san talamh agus cuirtear an cead síos ann agus buailtear é leis an maide san aer. San Samhraidh is mó a déantar iad seo thuas. Bíonn na buachaillí ag imtheacht le crúsca gloinne agus coinneal thíos ann, agus core ar(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mícheál Ó hIarnáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cill Mhuirbhigh, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Tomás Uá Chonghaile
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cill Mhuirbhigh, Co. na Gaillimhe