Scoil: Fearainn an Choirce (uimhir rolla 14532)

Suíomh:
Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Ó Maoldhomnaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0001, Leathanach 220

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0001, Leathanach 220

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Fearainn an Choirce
  2. XML Leathanach 220
  3. XML “An Drochshaol”
  4. XML “An Drochshaol”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Nuair a bhí an droch-shaoghal ann fadó do loic na fataí, beagnach ins gach chuile áit. Tá sé sin tuairim is dhá chéad bliadhan ó shoin. Cuireadh na fataí agus tháinig na barranaí aníos. Tháinig an Dubhachán ortha, agus maidin amháin nuair a d'éirigh na daoine d'airugheadar an boladh a bhí ó na barrainaíbh. Tharla sé sin tuairim lá'l t-Sin Seain. tháinig an bhliadhain sin go dona. Thánig an gorta agus tinneas ar na daoiníbh. Cailleadh an cuid is de na daoiníbh, acht mhair corr-dhuine, agus séard a sheas dóibh sin biadh an chladaigh. Bhídís ag ithe báirneacha, sleabhcháin creathnaigh, faochan agus carraigín. Bhruichidís na báirnigh, agus chuiridís min bhuidhe ar an rúgh. An bhliadhain ina dhiadh sin chuireadar fataí darbh ainm "Regions" Fuair siad ó'n tighearna talamhna darbh ainm "Major Fair" d'fhás siad maith go leor. Ní raibh siad i bhfad ag médughadh san ithir, agus faoi cheann cúpla bliadhan bhí a ndóthain fataí agus bidh acu. Ní raibh aon ghorta ariamh a bhí chomh dona leis.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. am
      1. tréimhsí staire sonracha (~25)
        1. an gorta mór (~4,013)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Mór Ní Fhatharta
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Gort na gCapall, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Fátharta
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Gort na gCapall, Co. na Gaillimhe