Scoil: Fearainn an Choirce (uimhir rolla 14532)

Suíomh:
Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Ó Maoldhomnaigh

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Fearainn an Choirce | Bailiúchán na Scol

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0001, Leathanach 218

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Tá níos mó daoine i-n- Gort na gCapall anois ná mar a bhí i-n-diadh aimsire na gorta san mbliadhain 1847. Fuair go leór aca bás ag an am sin le h-ocras. Tháinig an dubh ar na fataibh san talamh.
Bhí bean as Gaillimh darbh ainm Mrs Seary agus bhí comhluadar aice. Bhí a fear básuighthe. Bhí ingean léi i America agus bhíodh sí ag cur airgid ag a máthair. Bhíodh an mháthair ag tabhairt gach a raibh aice uaithe. Ar deire ní raibh aici acht aon mhac amháin agus taréis tamaill cailleadh é sin freisin. Aon Domhnach amháin chuaidh sí ag an Aifrionn, agus is ar éigin a tháinig sí abhaile, agus cailleadh í féin leis an ocras tamall i-n-a dhiaidh sin.

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Cáit Ní Bhriain
Inscne
baineann
Seoladh
Gort na gCapall, Co. na Gaillimhe
Faisnéiseoir
Peadar Ó Briain
Gaol
tuismitheoir
Inscne
fireann
Seoladh
Gort na gCapall, Co. na Gaillimhe
Teanga
Gaeilge