Scoil: Fearainn an Choirce (uimhir rolla 14532)

Suíomh:
Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Ó Maoldhomnaigh

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Fearainn an Choirce | Bailiúchán na Scol

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0001, Leathanach 205

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

(ar lean ón leathanach roimhe)

siad earraidhthe ar na sean-rudaibh, agus is amhlaidh a fhanann siad in aon teach amháin de'n chomharsanacht. Geibheann siad bídh insan tígh ina bhfanann siad ina gcodladh agus is de shiubhal a gcos a bhíonns siad ag imtheacht go minic.

Glaodhann lucht siubhail go dtí na tíghthe tuairim uiar san mí. Ní h-iad na daoine céadna a thagann i gcomhnuidhe. Is as Conndae na Gaillimhe an chuid is mó acu; acht ní eol dúinn cad is ainm dóibh. Tagann lucht bailighthe sean-fhlainnín, olainn bhriste, agus fionadhach capaill. Tagann lucht glanta na similéar seachtmhain roimh an Nodlaig. Bíonn go leór earraidhe dhá ndíol acu. Tugann siad cuid de na earraidhthíbh ar na sean-phíosaibh flainnín, nó ar an olainn bhriste, nó ar an bhfionadhach

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Máire Ní Fhlaithbhearta
Inscne
baineann
Seoladh
Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe
Faisnéiseoir
Pádraig Ó Flaithbhearta
Inscne
fireann
Seoladh
Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe
Teanga
Gaeilge