Scoil: Fearainn an Choirce (uimhir rolla 14532)

Suíomh:
Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Ó Maoldhomnaigh

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Fearainn an Choirce | Bailiúchán na Scol

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0001, Leathanach 204

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

bhí fear siubhail ann tuairim deich is trí fichid bliadhan ó shoin, agus do bhíodh sé ag rith indhiadh na ngasúr ag cur faitchís ortha. Lá amháin bhí sé ag rith indhiadh gasúr igCillmhuirbhigh, agus rith an gasúr síos imbad uaidh agus b'éigin dó imtheacht ar deire. Ba bacach do thugaidís air agus bhíodh sé ag imtheacht ó thíg go tígh ag cuardughadh déirce agus téigheadh sé a chodladh i dteach beag, nó faoi churrach, nó faoi chárnán féir. Bhí fear ag imtheacht timcheall chúig blidhna is trí fichid ó shoin ag bheidhileadóireacht agus ba dall é. Bhí a bhean agus a mhac in-einfheacht leis, agus bhídís ag imtheacht ó bhaile go baile ag casadh ceoil agus béaradh na daoine do bhíodh ag éirtheacht leis airgead dó. Bionn daoine ar a dtugtar ceannuidhthe ag imtheacht ag díol earraidhe ar fud na h-áite. Bíonn 'chúile saghas earraidhthe acu dá ndíol. Bíonn siad ag cuardughadh sean-éadaighe, craicne coiníní, craicne gabhar agus caorach agus craicne mada uisce. Bheireann

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Mícheál Ó hIarnáin
Inscne
fireann
Seoladh
Cill Mhuirbhigh, Co. na Gaillimhe
Faisnéiseoir
Tomás Uá Conghaile
Inscne
fireann
Seoladh
Cill Mhuirbhigh, Co. na Gaillimhe
Teanga
Gaeilge