Scoil: Fearainn an Choirce (uimhir rolla 14532)

Suíomh:
Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Ó Maoldhomnaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0001, Leathanach 203

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0001, Leathanach 203

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Fearainn an Choirce
  2. XML Leathanach 203
  3. XML “Laethanta Áirithe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Ní thosuightear ar aon saghas oibre Dia Satharn ná "lá crosta na bliadhna", sé an lá céadna de'n t-seachtain ar ar cuireadh na Páistí Neamh chionntacha chumh báis. Dia h-Aoine is maith le daoiníbh tosughadh ar gach obair go mór mhór cuireadóireacht, cé nach mbeadh déanta aca acht fad na sráide. Ní maith le daoiníbh airgead a íoc Dia Luain, ná ní thiubharfadh duine beithidheach a bhead díolta céana uaidh an lá sin. Níor mhaith le daoiníbh an ghruaig a bhaint díobh Dia Luain, ná ní maith leo caoirigh a bhearradh an lá sin, acht oiread. Tá sean-fhocal ann a deireas, "Loma luan agus bearradh Céadaoin". Deireann siad an síol a chuirtear Aoine an Chéarta nach loicfidh sé. Deirtear go raibh bó ann fadó agus bhí sí tinn insan Márta. Cheap sí go raibh leí nuair a bhí an Márta caithte; acht d'iarr an Márta trí lá ar an Aibreain, agus cailleadh an bhó ar feadh na trí lá sin, agus sin é an fáth go dtugtar laetheanta na bó riabhaiche ar na trí lá i dtús an Aibreain. Aon rud a bhíonn tinn agus a chuireann na trí lá sin isteach beidh leis, a deirtear.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Cáit Ní Bhriain
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Gort na gCapall, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Peadar Ó Briain
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Gort na gCapall, Co. na Gaillimhe