Scoil: Fearainn an Choirce (uimhir rolla 14532)

Suíomh:
Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Ó Maoldhomnaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0001, Leathanach 190

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0001, Leathanach 190

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Fearainn an Choirce
  2. XML Leathanach 190
  3. XML “Ainmhithe Allta”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Seo cuid de'n sna ainmhidhthibh fíadhána atá le fághail in Árainn An coinín, an luch, an t-all chuach an easóg. 'Sé an chaoch a bdéanann an coinín a nead thíos i bpoll ina mbíonn calamh bog agus nuair a bhíonns coiníní óga aice dúnann sí an poll nuair a imthigheann sí uatha ag fághail bídh dóibh. Is cuma leis an luich cá ndéanann sí a nead, acht an áit is feileamhnaighe di. Is faoi n leacrachaibh agus na clocha a bhíonns nead ag an tall chuach. Is a n-iomairce fataí a dhéanann an easóg a nead de ghnáth. Is féar glas a itheann an coinín agus itheann an luch arán agus marbhuigheann sí coiníní freisin. 'Sé an chaoi a mbíonn an easóg ag marbhadh coiníní, luch agus éan, agus dhá n-ithe. Itheann na daoine coiníní agus marbhuigheann na h-easóga ortha iad. Déanann an franncach níos mó millteanais ná leas. Seo cleas do bhí ag an mada ruadh. Chuaidh fear lá amháin as Conn Mhaicne Mara go Gaillimh ar mhargadh. Nuair a tháinig sé abhaile bhí an mada ruadh istigh roimhe agus millteanas mór déanta aige. "Tá tú ingreim anois" arsa an fear leis, agus d'fhan sé ag an dorus ar fhaitchíos go ngabhadh an masa ruadh amach. Rug an mada ruadh ar phéire bróg agus chaith sé san teinidh iad ag ceapadh go ngabhadh an fear dhá sábháil agus go n-imtheochadh sé féin amach
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. seanchas ainmhithe (~1,185)
    Innéacs seanscéalta
    AT0067**: Fox Caught by Butcher
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Mícheál Ó hIarnáin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cill Mhuirbhigh, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Tomás Uá Conghaile
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cill Mhuirbhigh, Co. na Gaillimhe