Scoil: Fearainn an Choirce (uimhir rolla 14532)

Suíomh:
Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Ó Maoldhomnaigh

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Fearainn an Choirce | Bailiúchán na Scol

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0001, Leathanach 188

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

(ar lean ón leathanach roimhe)

míle siar ó thuaidh de'n bhean bháidhte tá áit ann ar a dtugtar Maoidhm an t-sagairt. Bhí sagart ag dul siar ann fadó i mbád agus d'iompuigheadh an bád agus bádhadh an sagart. Tá an t-ainm sin air fós. Tuairim is míle siar uaidh ta áit ar a dtugtar Meádh Pheadair na Cruite. Na céadta bliadhain ó shoin, bhí Peadar ag iascach ann mar gheall ar chruit a bheith air. Tá an t-ainm sin air ó shoin.

Ainmhidhthe Allta
Deirtí go mbíodh sionnaigh fiadháin in-Árainn fadó. Sé an t-ainm a tugtar ar an bpoll a mbíonn siad 'na gcodladh ann brocais. Itheann na sionnaigh éin, lachain, cearca agus éanachaí na spéire. Déaneann siad an-díoghbháil. Marbhuigheann siad uain agus éin ar na daoiníbh. An bainne a fhághann an firéad ina dhiaidh tá leigheas ann ar Bhruitíneach. Bhíodh girrfhiadh in-Árainn fadó. Dheinidís nead insna tumachaibh agus insna coilltíbh. Ní mórán

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Máire Ní Fhlaithbhearta
Inscne
baineann
Seoladh
Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe
Faisnéiseoir
Pádhraig Ó Flaithbhearta
Inscne
fireann
Seoladh
Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe
Teanga
Gaeilge