Scoil: Fearainn an Choirce (uimhir rolla 14532)
- Suíomh:
- Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Maoldhomnaigh

Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0001, Leathanach 187
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Fearainn an Choirce
- XML Leathanach 187
- XML “Áitainmneacha”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Áit-ainmneachaI bhfeilm mo mhuinntire i Mainistir i mbaile fearainn Eochalla, tá na h-áit-ainmneacha seo le fághail:-An Bulláinín
Mar gheall ar go bhfuil bulláinín mar thobar i-n-a lár ar a dtugtar Tobar Cíaráin.An Átharla
Tá áit eile ó's cionn na fairrge ar a dtugtar an Átharla. Tá sé ráidhte go bhfuil naoimh curtha ann, agus an naomh deirdheanach a cuireadh ann fuair sé bás i gCuan an fhóid dhuibh. Thug sé ordughadh é a chur ins an áit seo ar a dtugtar An Átharla.Tá áit i Mainistir ar a dtugtar Craig na m-Bádóirí mar gheall ar fhuirinn báid a bheith ann ar feadh oidhche, mar briseadh an bád a bhí siad innte thíos fá'n creig insan gcladach. Chonnaic muinntir an bhaile na fir ar maidin, agus tugtar Craig na m-Bádóirí ó shoin air. Tá áit idir Mainistir agus Cillrónáin ar a dtugtar Poll na Marbh, mar bhí troid ann fadó, agus marbhuigheadh cuid mhór fear ann, agus tá siad curtha ann. Tá a gcuid cnámh le feiceáil ann fós. Tá áit ó thuaidh de Chéibh Chillrónáin ar a dtugtar tráigh na bhFrancach. Tháinig na Francaigh i dtír ann fadó i mbád, agus bhí ancairí na mbád le feiceáil ann nó go dtí le gairid. Ó thuaidh de arís tá áit ar a dtugtar An Bhean Bháidhte mar tháinig corp mná báidhte i dtír ann fadó. Tá an t-ainm sin air coidhche ó shoin. Tuairim is(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Caitlín Ní Chonghaile
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Eochaill, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Conghaile
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Eochaill, Co. na Gaillimhe