Scoil: Fearainn an Choirce (uimhir rolla 14532)

Suíomh:
Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Ó Maoldhomnaigh

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Fearainn an Choirce | Bailiúchán na Scol

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0001, Leathanach 181

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

(ar lean ón leathanach roimhe)

agus buaile Phádraig Bhrocha. Tugtar An Cnocán Glas air mar bíonn an féar glas i.g.comhnuidhe ann. Crogán "Robinson" mar ba le "Robinson" é fadó. Buaile Phádhraig bhrocha mar ba le Pádraig bhrocha í fadó. An Dún beag agus buaile an Árd dorais. Buaile an Spéice mar tá spéice suas san gclaidhe. An Garrdha Dearg mar tá créafóg dearg ann.

Seo áit-ainmneacha atá i nGort na gCapall. An lochán, baisteadh an t-ainm sin air mar tá loch ann. Garrda Ghiolla, Garrdha Pheadair Cuaig, Garrdha Sheáin Cuaig. Is mar gheall ar dhaoiníbh atá na h-ainmneachaibh sin. An Crogán, Na Criagí Móra, baisteadh an t-ainm sin air mar tá sé mór. Poll a bhfolach, Crogháin leathna, Dún beag, baisteadh an t-ainm sin air mar bhí dún déanta ann. An Coirnéal. Seo áit-ainmneacha atá i bhfearann an Choirce An Muirbheach an Bhuaile Mór, baisteadh an t-ainm sin uirthi mar tá sí mór. An Garrdha Gainnimh, Gort na h-eala, mar bhíodh na h-ealaí

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Máire Ní Fhlaithbhearta
Inscne
baineann
Seoladh
Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe
Faisnéiseoir
Pádhraig Ó Flaithbhearta
Inscne
fireann
Seoladh
Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe
Teanga
Gaeilge
Suíomh
Gort na gCapall