Scoil: Fearainn an Choirce (uimhir rolla 14532)
- Suíomh:
- Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Maoldhomnaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)slatracha, agus bhaineadh sé an craiceann dhíobh.Bhí aon fhear amháin darbh ainm Colm Ó Conraoi as Fearann an Choirce a dhéanadh crochanna agus geataí, agus ba mhaith uaidh iad a dhéanamh freisin.Bíodh Pádraig de Bhailis as Cillmhuirbigh ag sníomh lín agus do rugha le túirne lín. Bhí sé ag fághail glaodhaigh mhaith ortha mar ba mhaith uaidh iad a dhéanamh.Bhíodh go leór daoine ag iascach san am fadó, acht ní raibh aon daoine chomh maith le Liam agus Maolruadh Mach Donnchadha as Gort-na-gCapall. Tháinig siad oidhe stoirmeach isteach i bPort bhéil an dúin le lán an churraigh de langaibh agus chuir siad iongantas ar mhuintir a bhaile. Bhíodh sé ráidhce nach raibh aon bhean chomh maith le Ánna Ní Chonghaile as Fearann an choirce ag dathughadh. Sé an chaoi a dhathuigheadh sí: bhaineadh sí fraoich agus caonach a bhí ag fás ar chlochaibh eibhir. Bhruitheadh sí san bpota iad agus dhathuigfheadh sí leis an súgh.Bhíodh sean-daoine as Gort na gCapall fadó ag dóghadh aoil taobh ó dheas den bhaile thuas ag róidín na tornóige aoil. Sé an chaoi a dhóghaidís é: Dhéanaidís balla cloch, agus bhuailidís le muirtéal é; D'fhaduigheadh siad teine agus chuiridís clocha beaga os cionn na teineadh ag dóghaidís an t-aol.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Mór Ní Fhátharta
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Gort na gCapall, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Séan Ó Fátharta
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Gort na gCapall, Co. na Gaillimhe