Scoil: Fearainn an Choirce (uimhir rolla 14532)

Suíomh:
Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Ó Maoldhomnaigh

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Fearainn an Choirce | Bailiúchán na Scol

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0001, Leathanach 168

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

(ar lean ón leathanach roimhe)

Maoláin as Cillrónaín. Bhíodh gach bean ag sníomh níos coitcheanta ná mar tá siad anois. Bhíodh siad ag tuigheadóireacht, ag déanamh rúgán dhá d-tuighe féin, acht anois gheibheann siad ar an siopa iad. Bhíodh cúipéirigh ag déanamh bairille, cuinneóg, ancaird agus cilléar. Ba iad na h-ainmneacha a bhí ortha Colm Gillín ar Cillrónáin agus Seosamh Gillín ar Gort-na-gCaoall. Bhíodh an gabha ag déanamh táirgní crúidh, agus is as Gaillimh a gheibhtear anois iad. San t-sean-aimsir bhíodh iascach runnach, bréam, ballach, gliomach, mongach, laing, eascon, "Elbo", Poc, bolamán, sciata, scadán, Truisg, Colmóir, fíagach agus plás. Déantaoi iasach le spilléidíbh, freisin.

Ins an t-sean-aimsir bhíodh fir agus mná ag déanamh líon le snáth a dhéanadís leis an túirme lín, agus ag déanamh darughanna le cairt. Bhíodh na sean-n-daoine freisin ag déanamh choinneal de gheir a thagadh faoi thír, agus d'éanadh siad buacis de

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Cáit Ní hIarnáin
Inscne
baineann
Seoladh
Cill Mhuirbhigh, Co. na Gaillimhe
Faisnéiseoir
Pádraig Ó hIarnáin
Gaol
tuismitheoir
Inscne
fireann
Seoladh
Cill Mhuirbhigh, Co. na Gaillimhe
Teanga
Gaeilge