Scoil: Fearainn an Choirce (uimhir rolla 14532)

Suíomh:
Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Ó Maoldhomnaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0001, Leathanach 166

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0001, Leathanach 166

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Fearainn an Choirce
  2. XML Leathanach 166
  3. XML “Seancheirdeanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Bhíodh na daoine ag déanamh ciseán, agus ní bhíonn sias dhá ndéanamh anois. Bhídís ag gaibhneacht, agus bíonn siad dhá dhéanamh fos. Bítí ag déanamh geataí iarrainn agus adhmaid fadó, agus bíonn corr uair anois. Déantaoi ipochanna, lúbanna. liagháin agus innsí le haghaidh dorus. Bhíodh na daoine ag sgalladh, ag cárdáil agus ag sníomh a gcuid ola féin. Is beag duine a dhéanann é seo anois; acht is amhlaidh a chuireann siad go Gaillimh í, le go ndéanfar na pudaí seo leí. Nuair a bhíodh an méid seo déanta leí thochraidís an snáth i-n-a cheiptlín. Chuiridís ag an bhfíghe adóir annsin é, agus reamhpuighidís agus nighidís é, agus dhéanaidís ag cuid éadaigh féin ar. Bhíodh tuigheadóireacht ag suibhal aca fadó freisin, agus bíonn fós. Bítí ag dóghadh aoil i-n. Árainn fadó; acht m bhítear anois le fada an lá.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. gnó agus ceird (~4,680)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Cáit Ní Bhriain
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Gort na gCapall, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Bean Shéamais Uí Fátharta
    Gaol
    Seantuismitheoir
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Gort na gCapall, Co. na Gaillimhe