Scoil: Fearainn an Choirce (uimhir rolla 14532)

Suíomh:
Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Ó Maoldhomnaigh

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Fearainn an Choirce | Bailiúchán na Scol

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0001, Leathanach 162

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

(ar lean ón leathanach roimhe)

agus uimhrugheachta. Ní bhídís ag múnadh aon Ghaedhilge ann. Bhíodh leabhra Béarla aca. Bhíodh na páistí ag scríobhadh. Bíodh peanna dubhach agus páipéir aca le scríobhadh. Bhíodh stólta le suidhe ortha.

Bhí sean-sgoil i bhFearann an choirce ag aon mhúinteoir amháin darbh ainm "John Corbett". Ba as Gaillimh é. Tuairim le céad bliadhan ó shoin a bhí sé. Ba teach suarach fuar gn teinidh é. Ba é an sóirt ceann a bhí air scraitheacha agus beagainín beag tuighe. Ba ó athaireachaibh na nGasúr a gheibheadh sé an tuighe. Ba ghasúr fhásta a bhíodh ag dul ann. Ní bhíodh aon leabhra béarla aca, act leabhra Gaedhilge, agus leabhra gráiméir bhéarla. Bhíodh uimhrigheacht dhá fhóghluim aca. Ba clocha a bhíodh mar suidheacháin aca. Is é na páistíbh a gheibheadh sé. Is i dteach gach páiste a bhíodh an múinteoir ar

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Úna Ní Fhátharta
Inscne
baineann
Seoladh
Gort na gCapall, Co. na Gaillimhe
Faisnéiseoir
Seán Ó Fátharta
Inscne
fireann
Seoladh
Gort na gCapall, Co. na Gaillimhe
Teanga
Gaeilge