Scoil: Fearainn an Choirce (uimhir rolla 14532)

Suíomh:
Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Ó Maoldhomnaigh

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Fearainn an Choirce | Bailiúchán na Scol

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0001, Leathanach 160

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Bhí sean-scoil i gCilléinde agus scoileanna eile mar iad ar fud an Oileáin. Sé an t-ainm a bhí ortha scoileanna clocháin. Bhíodar tóghtha ar clochaibh agus nhíodh ádhmad taobh istigh de na scraitheachaibh a bhí mar cheann ortha. Bhíodh an scoil ar bun ionnta taobh istigh. Ba stróinséirí a bhí insna múinteoiríbh. Ba daoine iad a bhíodh ag dul thart ag iarraidh airgid le scoileannaibh a thógáil. Bhídir ag fághail sé pinginn ó gach páirte san tseachtmhain, mar ní bhíodh siad ag fágail aon airgid ó'n ruaghalar. Nuair a bhíodh an scoil thart aca théibhídis ar lóistín i dtígthíh na bpáirtí. D'fhannabh siad timcheall trí seachtmhain in gach teach. Bhíodh siad ag fágail lóistín saor. Bhíodh siad ag scríobhadh agus ag léigheamh Gaedhilge. Bhíodh siad ag labhairt bíodh meas mór ag na múinteoiríbh ar an nGaedhilge. Bhíodh slinnte agus leacracha cloch aca le bheith ag scríobhadh ortha. Sé an áit suidhte a bhíodh aca cloch inós leathan. Nuair a bhíodh cead ag na

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Máire Ní Ghillín
Inscne
baineann
Seoladh
Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe
Faisnéiseoir
Seán Ó Gillín
Gaol
tuismitheoir
Inscne
fireann
Seoladh
Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe
Teanga
Gaeilge