Scoil: Fearainn an Choirce (uimhir rolla 14532)

Suíomh:
Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Ó Maoldhomnaigh

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Fearainn an Choirce | Bailiúchán na Scol

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0001, Leathanach 159

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Bhí scoil i dteach i gCillmhuirbhigh ag fear darbh ainm Pádhraig de Bhailís . Sé an chaoi go mbíodh na gasúir ag teacht san teach aige , agus eisean dhá múineadh . Tá se ó's cionn céad bliadhan ó bhí sí ann. Bhí scoil eile i dteach le fear darbh ' ainm Mac Giolla Chathain a bhíodh ag múineadh sa teach . Amantaí eile bhí sé ag imtheacht ó bhaile go baile ag múineadh na bpáistí . Bá straiséar é . Tá sé céad go leith bliadhan ó bhí sí ann, agus nuair a bhíodh sé imtheacht ó bhaile go baile bhíodh na daoine go tiubhairt lóisdín dhó agus dhá bheathadh. Ní raibh gaedhilge dhá scríobhadh ná dhá léigheamh aca ins na scoileannaibh seo , agus ba le cleitibh a bhí siad ag scríobhadh. Ar stólta a bhíod siad ina suidhe agus ag scríobhadh ar bhord.

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Mícheál Ó hIarnáin
Inscne
fireann
Seoladh
Cill Mhuirbhigh, Co. na Gaillimhe
Faisnéiseoir
Tomás Uá Conghaile
Inscne
fireann
Seoladh
Cill Mhuirbhigh, Co. na Gaillimhe
Teanga
Gaeilge