Scoil: Fearainn an Choirce (uimhir rolla 14532)
- Suíomh:
- Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Maoldhomnaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Fearainn an Choirce
- XML Leathanach 158
- XML “Seanchas i dtaobh na hAimsire”
- XML “Seanchas i dtaobh na hAimsire”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)[-]
- Bíonn scamaill dubh ar an aer nuair a bhíonn báisteach air freisin bíonn dath dearg ar an t-aer tar éis fá do'n ghréin cearcall timcheall na gealaighe nuair atá athrughadh aimsire air . Ní fheactear na réalta in aon chor oidhche bháistighe . Sí an ghaoth aniar ndeas an ghaoth is measa le báistighe . Téidheann na h-éanlaithe ar a dtugtar na cadhain on taobh ó deas go dtí an taobh ó thuaidh de'n spéir le linn na h-aimsire a athrughadh chun báistighe . Thugas fá ndeara go n'iompuigheann an cat a dhruim leis an teinidh go ritheann na caoirigh cois na gclaidhe le fascadh a fhághail, ó'n bháistigh agus stoirm . Bíonn cuilleóga , míoltóga , agus cleabhair chaocha ag imtheacht go fairsing le linn báistighe go mór -mór san samhradh . Deirtear go mbíonn garrdha na n-iascaire lán le bláthaibh bána se sin an fairrge lán de bhráchlanníbh. Tagann dath uaithne ar an ngríosaigh , agus tuiteann an súgha go láidir le linn báistighe agus droch aimsire.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Ní Dhómhnaill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Gort na gCapall, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Mícheál Ó Dómhnaill
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Gort na gCapall, Co. na Gaillimhe