Scoil: Fearainn an Choirce (uimhir rolla 14532)
- Suíomh:
- Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Maoldhomnaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Seanchas idtaobh na h-aimsireNuair a bhíonn droch-aimsear air bíonn go leór scamall mór dubh ins an spéir. Gaoth andeas nó gaoth aniar ndeas a bhíonn ann. Éirigheann an fhairrge an-gharbh nuair a bhíonn droch-aimsear air. Comhartha eile iseadh, sóirt fáinne timcheall na gealaighe, agus nuair a bhíonn an grian ag dul faoi téidheann sí isteach ins na scamallaibh, agus bíonn cosa fuithe freisin. Nuair a bhíonn aimsear gharbh le teacht bíonn na scamaill ag spréacharnaigh. Sí an ghaoth andeas is minice a thuganns báisteach léi. Is comhartha báistighe é na h-éanlaithe a bheith ag eitilt go h-íseal. Tagann na faoileáin isteach ón fhairrge, tugann an cat a dhruim do'n teinidh, agus itheann an mada féar sul a thagann báisteach. Chídhtear caoirigh thuas go h-árd ar na sléibhtibh, agus cnocaibh le aimsir bhreágh; acht le droch-aimsir chídhtear iad ag teacht anuas. San Samhradh nuair a bhíonn sé ag tarraingt cun báistighe bíonn an aimsir an-mheirbh, agus bíonn go leór míoltóg ag dul thart. Nuair a bhíonn droch-aimsir air bíonn lasracha gorma san teinidh. Bíonn súghaidh ag tuitim de'n simléar nuair a bhíonn báisteach air. Téidheann an deatach suas díreach le aimsir bhreágh.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Caitlín Ní Chongaile
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Eochaill, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Congaile
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Eochaill, Co. na Gaillimhe