Scoil: Fearainn an Choirce (uimhir rolla 14532)

Suíomh:
Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Ó Maoldhomnaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0001, Leathanach 156

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0001, Leathanach 156

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Fearainn an Choirce
  2. XML Leathanach 156
  3. XML “Seanchas i dtaobh na hAimsire”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá sé ráidhthe nuair a bhíonns pléibhte Chiarraighe le feiceail i ngar dúinn go mbíonn droch-aimsear air. Nuair a theigheann an grian síos fá scamallaibh bíonn gála agus báisteach air. Is comhartha droch-aimsire a bhíonn ar an spéir nuair a bhíonn an bogha báistighe thiar dtuaidh san spéir ar maidin. Nuair a bhíonn na faoileáin ar an talamh achar intigh ón fhairrge bíonn báisteach air freisin. Tearbáineann dath gorm ar an bhfairrge, agus na lachain ag craitheadh is ag síneadh a gcuid sciathán go mbíonn báisteach le teacht.
    Is comhartha na deag-aimsire an spéir a bheith go glan soillseach agus freisin solur soillreach ar an ghcalaigh. Chidhtear éanlaithe ar a dtugtar na cadhain ag dul ó dheas le linn aimsire bréagtha agus bíonn an fairrge aiuin roimh aimsir bhréad. Sí an ghaoth adtuaidh is fearr a thugann aimsear bhréagh.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. seanchas aimsire (~6,442)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Ghillín
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Gillín
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe