Scoil: Fearainn an Choirce (uimhir rolla 14532)

Suíomh:
Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Ó Maoldhomnaigh

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Seanchas i dtaobh na hAimsire

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0001, Leathanach 153

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Is iomdha comhartha a bhíonns le feiceail, nuair a bhíonns droch-aimsear nó aimsear bhreágh le linn tuitime? amach. Seo cuid díobh. Nuair a bhíonns droch-aimsire le linn briste amach, bíonn rása faoi an spéir, agus scamaill bhána in íochtar na spéire. Tugtar fá ndeara go mbíonn siolla gaoithe anois is a airíst, agus an ghrian lasta agus cosa aiste, agus freisin go mbíonn garrdha timcheall na gealaighe, agus í ar chúl a chinnle tús na droch-aimsire. Is iondual gur as gaoith andeas is gaoith aniarndeas is mó a thagann an droch-aimsear. Is as an scamall a bhíonns fada is manntach is mó a thagann báisteach. Nuair a bhíonns an tuar ceatha le feiceail ins an spéir thiarndeas ar maidin, tá sé ráidhte go mbeidh gaoth, agus droch-aimsear ina dhiaidh. Chídhtear na faoileáin ag eiteall go híseal isteach ó'n bhfairrge, nuair a bhíonns báisteach air. Bíonn ceó bóthair ag imtheacht le gaoth, "An sop," mar a tugtar air is comhartha athruighthe aimsire é. Bíonn dath gorm ar an bhfairrge, agus madhmanna móra ag teacht ar talamh, agus dath gorm ar bhun na teine, agus freisin tá sé ráidhte nuair is cosamhail le sléibhte Chiarraighe a bheith i ngar dúinn go mbeidh droch-aimsear air.

Bíonn na géabha ag eiteall san spéir le gála agus droch-aimsear, na lachain ag craitheadh a gcuid

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Nóra Ní Fhlaithbhearta
Inscne
baineann
Seoladh
Gort na gCapall, Co. na Gaillimhe
Faisnéiseoir
Aontaoine Ó Flaithbhearta
Gaol
tuismitheoir
Inscne
fireann
Seoladh
Gort na gCapall, Co. na Gaillimhe
Teanga
Gaeilge