Scoil: Fearainn an Choirce (uimhir rolla 14532)
- Suíomh:
- Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Maoldhomnaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Fearainn an Choirce
- XML Leathanach 151
- XML “Tomhaiseanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)phréacán a chuaidh na coille, an cleite a chailleadar, D'fhágadar ina bdiadh é, agus an cleite nár chailleadar thugadar leó é.
Dúibhin ó Dúibhín, ó dúibh thar fairrge anoin ag innsint sgéil gan féith gan fúil.
Freagra: lidin.
Chonnaic mé bó bheag dhearg d'íosfadh sí gach a bhfuigheadh sí, acht ní ólfadh sí deor.
Freagra: teine.
Rud beag a bhí ag fás ar chrann chonnaic beirt é. thóg chúig mhéar é, agus leig duine amháin siar é.
Freagra: ubhall.
Tá sé ort, agus ní ainigheann tú ort é, agus ní fheiceann tú é, agus ní trom leat é.
Freagra: tainim féin.
Cé'n rud is tiughdha na féar ag fas.
Freagrud: Drúcht.
Cé'n blath is deire an druimh an domhain.
Freagra: blath na h-óige.
Ceathrar ag rith, ceathrar ag crith, beirt ag déanamh eolais.(leanann ar an chéad leathanach eile)