Scoil: Fearainn an Choirce (uimhir rolla 14532)
- Suíomh:
- Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Maoldhomnaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Fearainn an Choirce
- XML Leathanach 147
- XML “Tomhaiseanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Cad é an rud a bhíonns agat i gcómhnuidhe, acht nach féidri a choinneál ar feadh deich nóiméad?
Freagra: D'anáil.
Súid é shios sa gclúid é agus dhá chéad súil air.
Freagra: Pota anbhruithe.
Fear beag dubh agus bolg mór, trí cosa anairde is a bhéal ar lár.
Freagra: Pota.
Teach beag gan doras air lán de bhiadh, agus gan salann ann.
Freagra: ubh.
Chuaidh mé suas an bóithrín. Casadh mo mham dom. Bhí srón iarrainn uirthi, agus méireacha airgid. Sí chuireadh ruag ar na préacháiníbh.
Freagra: Gunna.
Capaillín sa stápla, agus é na cosaibh in-airde.
Freagra: túirne.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Fhlaithbhearta
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Eochaill, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Cáit Ní Fhlaithbhearta
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Eochaill, Co. na Gaillimhe