Scoil: Fearainn an Choirce (uimhir rolla 14532)

Suíomh:
Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Ó Maoldhomnaigh

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Scéal Grinn

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0001, Leathanach 145

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Bhí beirt fhear ar an gceann siar de'n Oileán i gCillrónáin , chuaidh siad isteach i dteach ósta ag ól braoin uisce beatha . Bhí siad ag ól agus ag cainnt gur tháinig an tráthnóna.
Dubhairt duine aca leis an duine eile go raibh sé in am a bheith ag dul abhaile. D'éirigh siad agus thugadar aghaidh ar an mbaile. Shiubhaileadar leo gur tháinig siad go dtí Creig-an-Chéirín . Ba as Creig - an Chéirín duine aca, agus as Bungabhla an duine eile. Dubhairt fear Chreige- an Chéirín go ngabhadh sé siar chomh fada le Bungabhla go ngabhadh sé soir chomh fada le Creig-an-Chéirín leis féin , agus chuaidh Mar gheall ar an braon a bheith ólta aca . Bhí siad ag dul siar agus soir go raibh sé ina lá geal ar maidin.

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Cáit Ní hIarnáin
Inscne
baineann
Seoladh
Cill Mhuirbhigh, Co. na Gaillimhe
Faisnéiseoir
Pádhraig Ó hIarnáin
Gaol
tuismitheoir
Inscne
fireann
Seoladh
Cill Mhuirbhigh, Co. na Gaillimhe
Teanga
Gaeilge