Scoil: Fearainn an Choirce (uimhir rolla 14532)

Suíomh:
Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Ó Maoldhomnaigh

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Fearainn an Choirce | Bailiúchán na Scol

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0001, Leathanach 141

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

(ar lean ón leathanach roimhe)

dó, agus dúbhairt sí gur mó an sóg a bhí aice ó chuaidh sí go h-Ifrionn. Annsin dubhairt sí gur mhaith leí a bheith in éindígh leis. Dúbhairt Sé leí dul abhaile, agus a bheith ag guidhe. Is gearr go bhfuair sí bás, agus bhí sí in éindígh leis na trí anamnaibh 'sna Flaithis.

Bhí bean ar Conn Mhaichne Mara agus theastuigh uaithe a dhul go Gaillimh. Bhí sí ag dul síos an bóthar agus dáinig fear roimpe, agus d'fhiafruigh sé di cá raibh sí ag dul. Dúbhairt sí leis go raibh sí ag dul go Gaillimh. "Teanaim in-éinfeacht liomsa," adeir sé "go dtiúbhraidh tú bainne do'n pháiste". "Gabhad" adeir sí, "acht an ngeallfaidh tú dom go bhfágfaidh tú annseo aríst mé.?"Geallfad", adeir sé. Bhuail sí ar a chúla ar an gcapall. Bhíodar ag imtheacht go dtáinigeadar go dtí'n teach. Bhuaileadar isteach, agus thug sí bainne do'n pháiste. An fhaid a bhí sí istigh bhí sean-fhear san gclúid, agus bhí sé ag caoineadh. An t-am a bhí sé reidh thug an fear leis í, agus d'fhág sé san áit

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Máire Ní Fhlaithbhearta
Inscne
baineann
Seoladh
Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe
Faisnéiseoir
Pádhraig Ó Flaithbhearta
Gaol
tuismitheoir
Inscne
fireann
Seoladh
Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe
Teanga
Gaeilge