Scoil: Fearainn an Choirce (uimhir rolla 14532)

Suíomh:
Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Ó Maoldhomnaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0001, Leathanach 139

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0001, Leathanach 139

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Fearainn an Choirce
  2. XML Leathanach 139
  3. XML “Scéal Grinn”
  4. XML “Scéal Grinn”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Corr-am bhíodh an diabhal ag eiteall ansan aer. Tháinig sé suas leis ach choinnigh fear na h-uibhe an 'club' taobh thiar de, agus nior fhéad an diabhal an t-airgead a fhághail uaidh. Tharrainng sé iarraidh den 'club' ar an diabhal, agus thuit sé, agus briseadh a chos. Thug sé an t-airgead ag an rígh agus thug an rí go leor saibhris dhó.
    An Páiste a scríobh é : Maire Ní Dhomhnaill, Gort na gCapall,
    Cillrónain, in Árainn.
    Baile Fearainn : Cillmhuirbhigh.
    An duine a thug dom é:
    Mícheál Ó Dómhnaill (m'athair).
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Sgéal Grinn
    Bhí protustún ann fadó, agus bhí sé pósta. Bhí inghean ag an mhnaoi, agus fuair an t-athair bás. As sin go ceann scaithimh nuair a bhí an inghean 'na mnaoi, thug sí faoi deara í fhein ag séipéal na gCaitiliceach. Ag an séipéal an lá sin chuaidh sí isteach san suidheachan agus bhí chuile dhuine ag breathnughadh uirthi, fiú an sagart fhéin. Nuair a bhí an tAifreann ráidhte chuaidh sí abhaile ag a máthair. Dúbhairt sí le na máthair gur deas an áit é an séipéal. An Domhnach ár gcionn bhí sí ag iarraidh gabháil ann ach níor leig a máthair ann í.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. scéalta (~478)
        1. scéalta cráifeacha (~1,085)
    Innéacs seanscéalta
    AT0425: The Search for the Lost Husband
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Flaithbheartaigh
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Eochaill, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Bairbre Ní Mhaoláin
    Gaol
    Duine gaolta (nach tuismitheoir ná seantuismitheoir)
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Eochaill, Co. na Gaillimhe