School: Fearainn an Choirce (roll number 14532)

Location:
Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe
Teacher:
Seán Ó Maoldhomnaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0001, Page 137

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0001, Page 137

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Fearainn an Choirce
  2. XML Page 137
  3. XML “Scéal Grinn”
  4. XML “Scéal Grinn”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Aon uair amháin, bhí chúig bhean i bpáirc eornann. Ní raibh aon ghasúr ag ceachtar aca, acht ba mhaith leo go bfuigheadh siad páiste ar an bpoinnte. Fuair siad ubh ghé a bhí chomh mór le cloigeann fir. "Chonnaic mise", ar an gcéad dhuine é" adeir an darna duine. "Beidh sé agamsa", adeir an treas dhuine. Bhí siad ag corraidheacht, agus ag troid faoin uibh go ceann tamaill; acht sa deire shochruigh siad go rachadh siad ar gor ar an uibh ar nós na géadh. Shuidh an chéad bhean ar feadh ocht lá. Nuair a bhí sí dhá lá i n-a suidhe ar an uibh chualaidh sí rud ag corrughadh isthigh innte, agus is gearr gur thosuigh sé ag rádh, seadán agus bainne gus anbhruith, agus min-choirce. Shuidh an darna bean uirthi annsin ar feadh ocht lá, agus mar sin go dtí an cúigheadh bean. Nuair a bhí an cúigeadh bean 'na suidhe ar feadh ocht lá, chuir sí poll ar an uibh; agus in-áit géadh óige, cad thiocfadh amach as acht páiste a raibh cloigeann gránda mór air. Nuair a tháinig sé ar an uibh ba é an an chéad rud a dubhairt sé seadán, agus bainne, agus anbhruith
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.