Scoil: Fearainn an Choirce (uimhir rolla 14532)

Suíomh:
Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Ó Maoldhomnaigh

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Fearainn an Choirce | Bailiúchán na Scol

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0001, Leathanach 134

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

(ar lean ón leathanach roimhe)

agus dhúisigh sí an fear saidhbhir. Ar maidin 'seadh a chonnaic sé céard a bhí ar an gcapall agus bhí faithchíos ar gach duine iarracht a dhéanamh ar í a thógáil de'n chapall; cht dubhairt an fear siubhail dá n-íocfaidhe é féin go maith go dtógfadh sé féin í. Íocadh agus thóig. D'fhiafruigh sé annsin de'n fhear saidhbhir cé'n t-ughdar a raibh an t-sean-bhean ag éirithe chomh minic sin, nó am n-dearna sé aon éagóir i rith a shaoghail. D'innis an dearbhráthair saidhbhir dó annsin i dtaobh na h-éagórpa a rinneadh ar a dhearbhráthair bocht. Dubhairt an fear siubhail leis annsin dá roinnfeadh sé a raibh aige le-n-a dhearbhráthair bocht go mbeadh suaimhneas aige uaidh sin amach. Rinne sé amhlaidh. Roinn chuile nídh dá raibh aige le-n-a dhearbhráthair. Bhí an dearbhráthair bocht anois níos saidhbhre ná an dearbhráthair eile; acht bíodh sé buidheach do'n fhear suibhail. Marach é ní bheadh.

Bailitheoir
Cáit Ní Bhriain
Inscne
baineann
Seoladh
Gort na gCapall, Co. na Gaillimhe
Faisnéiseoir
Peadar Ó Briain
Gaol
tuismitheoir
Inscne
fireann
Seoladh
Gort na gCapall, Co. na Gaillimhe
Teanga
Gaeilge