Scoil: Fearainn an Choirce (uimhir rolla 14532)
- Suíomh:
- Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Maoldhomnaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Fearainn an Choirce
- XML Leathanach 133
- XML “Scéal Grinn”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ann. Bhan sé an glas den chómhra agus d'arduigh sé an clárde, agus céard a chídhfeadh sé ann; acht an t-sean-bhean, agus a béal orcluighthe aice leis an sganmradh a baineadh aiste, agus níor rinne sé tada acht amháin cnámh a shathadh siar i.n.a. béal agus í a thachtadh i.n-éinfeacht. Bhuail uisthe an clár arís.Lá'r na bhápach thug an dearbhráthair saidhbhir amach an chómhra go mbeadh a fhios aige cé'n scéal a bhí ag an t-sean-mhnaoi, agus nuair a chonnaic sé an t-sean mhnaoi agus í tachtuighthe ag an gcnámh. Séard a dubhairt sé, "Dheamhan lá ariamh nach raibh dúil san bhfeoil agat". Cheap sé go mba í féin a thacht í féin.
Fá cheann cúpla lá cuireadh í, agus ba é an gnás a bhí sa eír an t-am sin airgead a chur le daoinibh. Cuireadh léithe-se é, agus san oidhche chuaidh an fear siubhail agus an dearbhráthair bocht chuig an uaigh.Thógadar aníos an chailleach, thug leó an t-airgead, agus d'fhág ise an bpuach na h-uaighe. Chualaidh an dearbhráthair saidhbhir go raibh a mháthair 'ós cionn talmhan. Cheap sé go mba é an chaoi nár chuir sé a dhothain airgid léithe, agus chuir arís í, agus tuilleadh airgid léithe. Maidean lá'r na bháireach arís bhí sí' ós cionn na h-uaighe agus chuir a mac an tríomhadh babhta í agus i bhfad níos mó airgid léite ná mar a bhí go dtí seo. D'imigh an fear suibhail an oidhche seo freisin, agus thóig aníos an chailleach agus an t-airgead. Thug leis an chailleach agus cheangail ar chapall bán leis an bhfear saidhbhir í. As bo bráth leis an gcapall timcheall an tíghe,(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Cáit Ní Bhriain
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Gort na gCapall, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Peadar Ó Briain
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Gort na gCapall, Co. na Gaillimhe