Scoil: Fearainn an Choirce (uimhir rolla 14532)
- Suíomh:
- Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Maoldhomnaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Fearainn an Choirce
- XML Leathanach 132
- XML “Scéal Grinn”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus nár thugadar aon sopé dhó; acht an scioból i.n.a raibh sé na chomhnaidhe. "bhoil", a deir an fear siubhail annsin, "coinnigh mise go ceann lae agus bliadhain i mo bhuachaill aimsire agat, agus má ghníomh tú mo chomhairle ní bheidh tú níos measa dá bharr." "Ó? a deir an fear bocht, "ní bheidh sé i-n mo chumas-sa aon tuasardal a thabhairt dhuit." "Tá sin go maith", a dubhairt an fear siubhail.
Nuair a tháinig an oídhche d'imigh an fear siubhail agus a mhaighistir go dtí feilm an fhir shaidhbhir agus thugadar abhaile leó caora bhreágh reamhas, agus mharbhiugheadar í agus d'itheadar í. Nuair a bhí sí ithte rinne sé an cleas céadna le ceann eile. Fá cheann tamaill thugmháthair na beirt dhearbhráthar fá ndeara go raibh páirtí an fhir bhocht ag reamhrughadh agus ag teacht chuca féin go maith. D'orduigh sí dá mac í a chur isteach i.g.cómhra agus an glas a chur uirthi, agus a dóthann le n-ithe a fhágail aice ann. Cuireadh an chomhra isteach ag an bhfear bocht agus sé an leith-sgéal a tugadh nach raibh aon áit le n-a-aghaidh na teineadh agus poll an ghlaisi. n-gar do'n temidh.
Nuair a tháinig an fear siubhail isteach tráthnóna, chonaic sé an comhrá, agus chuir sé tuairisg céard a bhí ann. Dubhairt an fear bocht go mba é a dhearbháthair a thug ann é agus nach raibh a fhios aige féin céard a bhí ann agus nach mbachfaidís leis. Dubhairt an fear siubhail, annsin, nach mbeadh n-déanfadh sé aon cheo go mbeadh a fhios aige céard a bhí(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Cáit Ní Bhriain
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Gort na gCapall, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Peadar Ó Briain
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Gort na gCapall, Co. na Gaillimhe