Scoil: Fearainn an Choirce (uimhir rolla 14532)

Suíomh:
Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Ó Maoldhomnaigh

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Fearainn an Choirce | Bailiúchán na Scol

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0001, Leathanach 131

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Sgéal Grinn.

Bhí beirt dearbhráthar ann fadó - dearbhráthair bocht agus dearbhráthair saidhbhir, agus sé an fáth go raibh duine aca saidhbhir thar an bhfear eile mar gur phós an fear bocht bean nár thaithnigh le-n-a athair agus d'fhág an t-athair a raibh de mhaoin aige ag an duine eile. Bhí comhluadar mhór ar an bhfear bocht agus bhí sé ag teacht cruaidh air iad a thógáil.
Aon lá amháin tháinig fear siubhail chuig an bhfear bocht agus d'fhiafruigh dhe, "Cé atá 'n-a chomhnaidhe 'sa teach seo amuigh"? Dubhairt an fear bocht go mba dearbhráthair leis féin é. D'fhiafruigh an fear siubhail de annsin cé'n fáth go raibh duine aca saidhbhir agus an duine eile bocht. 'Séard a dubhairt an fear bocht gur phós sé bean i-n-aghaidh tola a athar agus a mháthar

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Cáit Ní Bhriain
Inscne
baineann
Seoladh
Gort na gCapall, Co. na Gaillimhe
Faisnéiseoir
Peadar Ó Briain
Gaol
tuismitheoir
Inscne
fireann
Seoladh
Gort na gCapall, Co. na Gaillimhe
Teanga
Gaeilge