Scoil: Fearainn an Choirce (uimhir rolla 14532)

Suíomh:
Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Ó Maoldhomnaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0001, Leathanach 124

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0001, Leathanach 124

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Fearainn an Choirce
  2. XML Leathanach 124
  3. XML “Ciste Óir”
  4. XML “Ciste Óir”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá sé ráidhte gur iomda áit in Árainn a bhfuil ór a bhfolach. Chuir fear as Gort na gcapall i bhfolach é fadó, agus níor innis sé é d'aon duine nó go raibh sé ag fágail bháis. Dúbhairt sé le fear muinntreach go raibh sé i bhfolach shuas i gcreig ag an Réidh Bhig faoi mhullán eibhir. D'fhág sé i bhfolach annsin é ar fhaithchíos go ngoidfidhe uaidh é. Chuaidh an fear muinntreach ar a lorg, acht nuair a chuaidh sé go dtí an chreig bhí sé lán le mullánaibh eibhir, agus ní raibh a fhios aige cá raibh sé. Daoine an-saidhbhre a bhí insna lochlannaigh, nuair a bhíodar in Árainn fadó. Dubhradh go raibh a leasughadh féin i gceann gach iomaire acu. Tháinig troid ortha shuas ag an Dún Angusa, agus marbhuigheadh uilig iad acht an t-athair agus an mac. Dubhairt siad leis an mbeirt acu innseacht dóib cé'n chaoi a mbíodh siad ag fágail an leasuighthe agus go bhfágfadh siad beó iad.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. pearsana stairiúla (~5,068)
        1. Lochlannaigh (~42)
          1. beoir Lochlannach (~26)
    Innéacs seanscéalta
    AT2412E: (Danish Heather Beer.)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Séamus Uá Flaithbheartaigh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Gort na gCapall, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Domhnall Uá Flaithbheartaigh
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Gort na gCapall, Co. na Gaillimhe
  2. (ar lean ón leathanach roimhe)
    chionn agus fear le leath-chois ag tabhairt aire do'n chiste. Tá sgáth ar na daoiníbh a dhul ann san oidhche, mar gheall ar an áit uaigneach a bhfuil sé.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.