Scoil: Fearainn an Choirce (uimhir rolla 14532)

Suíomh:
Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Ó Maoldhomnaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0001, Leathanach 123

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0001, Leathanach 123

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Fearainn an Choirce
  2. XML Leathanach 123
  3. XML “Ciste Óir”
  4. XML “Ciste Óir”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    bhfód ins an áit a raibh sé, agus chart siad na sliogáin. Bhí lóchrann fútha. Dúbhairt sí go raibh an lóchrann ann, acht faoi go raibh triúr aca ann, níor bhféidir léi é a fhágail, mar níor cheart a bheith ann acht beirt. Tá sé ráidhte go bhfuil ór ann fós pé bí duine thuiteas sé air, agus gur ór cinnte é. Timcheall na h-áite sin atá Dabhach Éinde, agus tá an áit beannuighthe.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Ciste Óir.
    Deirtear go bhfuil ciste i bhfolach in áit ar a dtugtar "Fánaidh an uisge" ar traighíbh Chillronáin. Is dóigh gurabh iad na daoine maithe a chur ann é, agus go bhfuil sé fá dhraoidheacht. Deirtear nach féidir é a thógáil, acht ar uair an mheadhoin oidhche. Tá sé ráidhte go ndeacha triúr fir fadó le na thógáil. Bhí duine aca a bhí ag brionglóidigh ar an gciste. Thuiteadar amach le na chéile ar an mbealach mar bhí fear amháin aca pósta. Bhí sé ag iarraidh dhá chuid, dhó fhéin agus dhá bhean. Chasadar abhaile annsin. D'fhág sin an ciste ó shoin gan fhágail. Deirtear go bhfuil sé faoi mhullán éibhir atá ann, agus sceach gheal ag fás ó's a
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
          1. ór i bhfolach (~7,411)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Roibéard Ó Goill
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cill Rónáin, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Roibéard Ó Goill
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cill Rónáin, Co. na Gaillimhe