Scoil: Fearainn an Choirce (uimhir rolla 14532)

Suíomh:
Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Ó Maoldhomnaigh

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Fearainn an Choirce | Bailiúchán na Scol

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0001, Leathanach 122

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Deirtear go bhfuil ciste Óir i bhfolach i gCorruabach. Acht tá baramhail ag daoiníbh an áit a bhfuil sé. Chuir fear darbh' ainm Seán Corruabhach ann é. Fágadh i bhfolach annsin é; mar dúbhairt cáilín ruid éigean in a aghaidh, nuair a bhí sé ag dul dhá fhágáil ag duine éigin. Ní dhearnadh aon iarracht ariamh é a fhágáíl. Is é an saidhbhreas atá i bhfolach ann. Ór agus copar. Is fuí na céadta púnt an stór. Tá sé suas le dhá chéad bliadhan ó bhí an fear sin ann, agus ní raibh a fhios ag mórán daoine cá raibh sé.

Tá sé ráidhte go bhfuil ór le fágail sa Réalág i Gcill Éithne. Tá sé ceaptha amach gurb ag na bráithríbh a bhí sé. In aimsir na géir-leanamhna a chuir siad i bhfolach ann é. Chuaidh fear ar a thóir agus bean, agus níorbh é a fear fhéin a thug sí léi, acht comharsa. Thug sí a mac fhéin léi, agus sheas sé ins an áit a raibh an dór. Dúbhairt sí leis an gcomharsain an áit a chartadh, agus chart. Bhí sliogáin faoi'n

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Máire Ní Fhlaithbhearta
Inscne
baineann
Seoladh
Eochaill, Co. na Gaillimhe
Faisnéiseoir
Bairbre Ní Mhaoláin
Gaol
duine gaolta (nach tuismitheoir ná seantuismitheoir)
Inscne
baineann
Seoladh
Eochaill, Co. na Gaillimhe
Teanga
Gaeilge