Scoil: Fearainn an Choirce (uimhir rolla 14532)

Suíomh:
Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Ó Maoldhomnaigh

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Fearainn an Choirce | Bailiúchán na Scol

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0001, Leathanach 119

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Séard a bhí ann fear a bhí pósta. Ní raibh aon comhluadar air, acht é féin agus a bhean. Bhí sé ag brionglóidigh trí oidhche, dhá ngabhadh sé ar dhroichead Luimnighe go bhfuigheadh sé póta óir, acht an tríomhadh maidin d'imthigh sé roimh lá go ndeachaidh sé go droicheadh Luimnighe. Chaith sé trí oidhche, agus trí lá ann agu cuardhach an phota. An tríomhadh lá a bhí sé ann tháinig gabha go dtí é tráthnóna, agus d'fhiafruigh sé dé céard a thug annseo é. Séard a dubhairt an fear seo leis an ngabhainn gur béard a bhí ann fear as Conn Mhaicne Mara, agus go mbé an chaoi bhí sé ag brionglóidígh san mbaile dhá dtagadh sé annseo go bhfuigheadh sé pota óir ar an droicheadh. Séard a dubhairt an gabha leis, "A amadáin shalaigh! Nach raibh mise mé féin trí oidhche ag

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Mícheál Ó Dioráin
Inscne
fireann
Seoladh
Cill Rónáin, Co. na Gaillimhe
Faisnéiseoir
Seán Ó Maoláin
Inscne
fireann
Seoladh
Cill Rónáin, Co. na Gaillimhe
Teanga
Gaeilge