Scoil: Fearainn an Choirce (uimhir rolla 14532)
- Suíomh:
- Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Maoldhomnaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Fearainn an Choirce
- XML Leathanach 118
- XML “Ciste Óir”
- XML “Ciste Óir”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)[-]
- Bhí fear ann agus bhí sé ag brionglóidígh san oidhthe dhá ngabhadh sé chomh fada le droichead Luimnighe go bhfuigheadh sé a shaibhreas. Chuaidh sé ann, agus bhí sé ag imtheacht thart, agus ní bhfuair sé é an lá sin. Tháinig sé abhaile, agus bhí sé ag brionglóidigh an darna h-oidhthe dhá ngabhadh sé ann arís go bhfuigheadh sé é. Chuaidh sé ann, agus ní bhuair sé é. An tríomhadh h-oidhthe, bhí sé ag brionglóidigh, agus chuaidh sé ann. Bhí sé ag imtheacht thart dhá chuartughadh. Casadh fear leis, agus dubhairt sé, "Feicim ag imtheacht thart annsin thú le trí lá, céard tá tú ag cuartughadh?" "Bhí mé ag brionglóidigh trí oidhthe dhá tiocfainn chomh fada le droichead Luimnighe go bhfuighinn mo shaibhreas." "Go bfhéachaidh Dia ar do chiall, nach raibh mise mé féin ag brionglóidigh go raibh sceach ag binn tíghe Sheáin Bhuidhe an Urainn, agus go raibh pota óir fea." "Tá liom" adeir sé. Chuaidh sé abhaile. Chuaidh sé ag cartadh faoi'n sceich, agus fuair sé pota óir, agus leac ar a béal a raibh scríobhnóireacht uirthi. Tamall i-na dhiaidh sin bhí scolóige bocht ag dul thart. Breathnuigh sé ar an leic a bhí ag an dorus. "Feicthear dhom gur aisteach an scríobhnóireacht atá ar an leic sin" adeir an scoláire. "Céard atá uirthi?" adeir fear an tighe. "Ní fearr taobh de'n sceich ná an taobh eile," adeir sé. Chart sé an taobh eile agus fuair sé(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Ní Fhlaithbhearta
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Pádhraigh Ó Flaithbhearta
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe