Scoil: Cill Éinne (uimhir rolla 12340)

Suíomh:
Cill Éinne, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Sr. P. Ó Domhnalláin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0001, Leathanach 096

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0001, Leathanach 096

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Éinne
  2. XML Leathanach 096
  3. XML “Scéal - An Triúr Cailíní”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí lanamhain ann aon úair amháin agus bhí trúir inghean acu agus bhí siad an saidhbhir. Nuair a bhí an inghean do b'óige tuairimis scór bliadhanta bhí an máthair tuairimis 65 bliadhain. Ag an máthair i gcomhnuidhe a bhíodh an t-airgead agus ní bhíodh aon airgead ag a fear.
    Istigh i mála déanta de ór a bhíodh an t-airgead aice agus nuair a bhíodh sí ag tógáil aon airgead as ghabhfad sí isteach sa seomra agus ní leigfeadh sí do aon duine í a fheicéal. Annsin nuair a bhí sí tuairimis 70 bliadhain chuaidh sí amac ag siubhlóid an lá seo agus bhí an inghean do b'oige in-éinfeacht le dubhairt sí go raibh sí fághail lag, agus nach mairfeadh sí i bhfad agus go ngabhadh sí ar an leaba agus nach n-eireochadh níos mo. D'innis sí do'n cailín an la a mbeadh sí le bas a fhághail go mbeadh sí ag feadaghail agus dubhairt sí leis an inghean a dhul siar ins an seomra agus go n-inseochadh sí di an chaoi a mbeadh sí saidhbhir. Tuairimis trí mhí in-a dhiaidh sin d'airigh sí an mháthair ag feadaghail ins an seomra
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
          1. ór i bhfolach (~7,411)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Íosaph Ó Flaithbheartaigh
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cill Rónáin, Co. na Gaillimhe