Scoil: Cill Éinne (uimhir rolla 12340)
- Suíomh:
- Cill Éinne, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Sr. P. Ó Domhnalláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Éinne
- XML Leathanach 071
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí sean-bhean ann fadó agus sé an áit a raibh sí in-a comhnuidhe i dteachin beag dí féin. Aon trátnóna amháin d'imthigh sí léi ag siubhlóid. Tháinig an oidhche uirthí agus chuireadh amudha í agus ní raibh fios aicí cá raibh sí ag dul. Bhí fóidín mearaidhe uirthí. Bhí sí ag siubhal nó go raibh sí tuirseach agus bhí ocras uirthí. Chuile áit a raibh sí ag dul bhí sé cint uirthí é a aithneactáil. Tar-éis tamaill chonnaic sí solus agus rinne sí air agus í dteach beag a bhí sé. Bhí doras an tighe oscailte, agus isteach léi ann.
"Go mbeannuighe Dia annseo", adeir sí.
Ní raibh sa teach le feiceál aicí acht shean-fear a bhí aosta go máith agus ní freagair ceachtar acu í. Shuidh sí síos mar sin féin. Bhí teine mháith ann agus póta fataí bruighthe leath-taobh a' theallaigh agus póitín feola ar an taobh eile. Ní raibh sí móran achar isthigh nó gur leag an tsean-bhean bord anuas i lár an úrláir. Thógh sí pláta fataí dí féin agus do'n sean-fhear agus pláta eile le h-aghaidh an bhean siubhail agus pláta feola do gach aon duine. Shuidh an tsean-fear agus an tsean-bhean ar aon taobh amháin de'n bord agus rinne sí cómhartha do'n bean siubhal a dul ag itthe freisin. Bhí an sean-fhear in-a shuidhe ar an taobh eile de'n bord agus bhí a srón chomh fada air agus cheap sí go mbuailfeadh sé bárr a sróine uirthí ar an taobh eile. Bhí áithméala uirthí mar gheall ar an sróin a bhí(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nuala Seóigeach
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Ghoill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cill Éinne, Co. na Gaillimhe