Scoil: Sean Bhaile Árd (uimhir rolla 14663)

Suíomh:
An Seanbhaile Ard, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Tomás Ó Murchadha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0083, Leathanach 248

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0083, Leathanach 248

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sean Bhaile Árd
  2. XML Leathanach 248
  3. XML “An Port Siógach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    nuair a tháinic sean-bhean taistil nó ridire go dtí teach an mháthair ag iarraidh lóistín. Tughadh dí é acht an céad oidche thug an ridire faoi deara go raibh brón eicínt ar an sean bhean agus d'iarr sí an cúis. Annsin d'innis an máthar an sgéal dí agus faoi dheireadh dubhairt an ridire go raibh sean-iarsma aici a shaoróhadh Seán. Bhí áthas ar an máthar annsin agus an chéad tráthnóna eile chuaidh siad go dtí an lios acht níor chonnaiceadar Seán. Do chaitheadar gach tráthnóna sa seachtmhain ag faire ag an lios agus faoi dheire chonnaiceadar Seán. Bhí an sluaigh-sidhe ag teacht amach as an lios agus buachalán Buidhe i lámh gach duine acha. Do chuir siad an bláth ar an talamh agus d'athruigh sé go capall mór dubh. Annsin chuaidh gach sideóg ag marcuidheacht ar gach capall agus is annsin a chonnaic an bheirt mná Seán ag teacht agus é ag marcuidheacht freisin. Do shiubhal an máthair i dtreó a mhac agus d'árduigh an sean-iarsma os a gcómhair agus d'iarr ar Seán theacht abhaile leithe. Do thug capaill Seán léim agus thuit sé ar an talamh. Deirigh sé arís agus rug sé greim ar an sean iarsma agus do coinnigh sé idir é fhéin agus an sluagh sidhe é. Dimthigh an sluagh sidhe as amharc annsin mar níor fhéad siad Seán a thógáil arís agus chuaidh Seán agus a mháthair agus an ridire abhaile go sásta athasach.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Maighréad Ó Mhaoiléidigh
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Cluain Catha, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Bean Maighréad Maoiléidigh
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Cluain Catha, Co. na Gaillimhe