Scoil: Sean Bhaile Árd (uimhir rolla 14663)

Suíomh:
An Seanbhaile Ard, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Tomás Ó Murchadha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0083, Leathanach 242

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0083, Leathanach 242

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sean Bhaile Árd
  2. XML Leathanach 242
  3. XML “Tobar Geal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá an tobar seo suidhte i bhfeilm Pádraig Ó Reachtaire i mbaile fearann Cill Amháin. Tá an uisge go breágh fuar agus bíonn sé go geal glan i gcomhnuidhe. Tugann sé uisge sa samhradh chómh maith le am ar bith eile agus téigheann muintear na h-áite le h-agaidh uisge ann nuair a bhíos na tobracha eile tirm. Tá sgéal aisteach imeasg na ndaoine faoi'n tobar seo. Seo é an sgéal a d'innis sean-fear a chomhnuidhe san áit.

    Oidhche amháin bhí beirt fhear ag teacht áit eicínt agus bhí guna ag duine aca. Nuair a bhí siad ag siubhal thar an tobar seo chonnaiceadar bean in a seasamh ar bhárr an bhalla a bhfuil taobh amuigh de'n tobar agus í gléasta in éadaigh bán. Dubhairt duine aca gurabh í an bean-sidhe a bhí ann agus do leig an duine eile urchar leithe agus thuit sí síos ar an talamh. Dimthigh na fir ar a bhealach abhaile acht tar éis tamaill bhig chuala siad duine ag teacht in a ndiaidh. D'féach siad in a ndiaidh agu cé bheadh ann ach an bean-sidhe. De rinne sí ar an bhfear a raibh an guna aige agus thosuigh 'gá mbuaileadh. Dubhairt an fear eile leithe seans a thabhairt do'n fhear an t-am seo agus gan é a mharbú agus d'imthigh sí as amharc. D'imthigh na fir abhaile agus chuaidh ina gcodlad.
    I lár na h-oidhche timcheall do-dhéag a chlog do dhuisigheadh an fear a chaith an urchar agus tharraingheadh na h-éadaigh on(?) a leabaidh trí uaire in dhiaidh a chéile. Is annsin a chonnaic sé gurab í an bean-sidhe a bhí 'ghá dhéanamh ach sul a raibh an tam aige sgread a leigint as rug sí greim air le'n a lámha fuara agus tharraing an creacann ó'n a cheann agus do mharbh sí é. Fuair duine eicínt in a leabaidh é ar maidin agus an creacann réabuighthe o'n a cheann.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge