Scoil: Sean Bhaile Árd (uimhir rolla 14663)
- Suíomh:
- An Seanbhaile Ard, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Tomás Ó Murchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sean Bhaile Árd
- XML Leathanach 232
- XML “Ainmhithe Allta”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)fágann sí an cuirp gan bacadh leis cor ar bith. Gníonn sí nead dhí féin i gclaidhe tirm nó balla nó áit eile mar sin. Dath dearg-donn atá uirri.
An CoinínIs ainmhidhe beag deas an ainmhidhe seo. Gníonn sé a lán díoghbhail sa gceanntar seo. Itheann sé an coirce nuair a bhíos sé timcheall trí nó dó órlach o's cionn an talamh agus millean sé é. Gníonn sé poll sa talamh agus is annsin a chomhnuidheann sé nuair nach mbíonn amuigh ag súgradh no ar lorg bidh. Dath liath-donn atá air agus tá iarball geárr bán air freisin.
An GirrfhiadhTá an ainmhidhe seo cosamhail leis an coinín act ní gníonn sé aon poll faoín talamh cor ar bith acht gníonn sé nead dhó féin faoi tom aitinne nó áit eile mar sin. Itheann sé an bidh céadna is a itheann an coinín. Tá iorball gearr air freisin cosamhail leis an coinín acht tá sé in-dán rith go tapaidh. Is minic a theigheanns na buachaillí timcheall na h-áite seo ag fiadhach coiníní agus girrfhaidh le madaí agus cú.
An LuchIs ainmhidhe beag dubh liath é seo. Comhnuidheann sé ins na tighthe go mór mhór agus itheann sé aráin agus rudaí eile mar sin a ghoideann sé o'n cistin. Is ainmhidhe crosta é má beireann duine greim air agus de bhainfeadh sé greim le'n a fhiacla as duine a bhead greim aige air.
An FranncachTá an ainmhidhe seo cosamhail leis an luch acht tá sé i bhfad níos mó. Gníonn sé mórán díoghbháil de'n feilméar mar itheann sé fataí agus coirce agus barraí eile mar sin a bhíos bailighthe le chéile ag an bhfeilméar. Is minic a a tugtar nimh dé le'n é a mharbh.(leanann ar an chéad leathanach eile)