Scoil: Sean Bhaile Árd (uimhir rolla 14663)

Suíomh:
An Seanbhaile Ard, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Tomás Ó Murchadha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0083, Leathanach 231

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0083, Leathanach 231

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sean Bhaile Árd
  2. XML Leathanach 231
  3. XML “Ainmhithe Allta”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    An Dóbharchú
    Tugtar an t-ainm mada-uisge ar an ainmhidhe seo. Gníonn sé pluais dó fhéin ar bruach aibhne nó locha. Tá trí locha i gCluain Catha agus deirtear gur comhnuigheann a lán dóbharcú ionnta. Tá a lán d'á bpluaiseanna timcheall na locha agus caithfeadh duine aire a thabhairt dóibh nó sáithfeadh sé a chos síos i gceann aca agus b'féidir go mbrisfeadh sé é. Is féidir do'n dóbharcú maireachtáil ar feadh tamaill fada faoín uisge agus sin an fath go dtugtar an t-ainm mada uisge air uaireannta. Tá bóithrín dubh ag rith o Loch Doire Dubh go Loch Mac Canna agus 'sé an dóbharchú a shiubhalanns ann nuair a bhíos sé ag dul o loch go loch. Dath dearg donn atá air agus tá cosa gearra faoi agus culann fada. Tá poll mór i bhfeilm Miceál Laffaí agus deirtear gur chómhnuidheann dóbharchú ann. Deirtear go ritheann abhann faoín talamh ó Loch Uí Ghrádaigh go Locha Cluain Catha agus do snámh an dóbharcú go dtí an áit i dtalamh Miceál Laffaí agus chonnaic daoine é féin agus na cinn óga.

    An Ioradh Ruadh
    Níl morán dá tréibh in a gcomhnuidhe timcheall na h-áite seo. Is ainmidhe an dheas é, go gleóite, puintilleach agus tá iorball mór fada aige. Dath dearg donn atá air. Codlann sé i rith an gheimhridh agus bailigheann sé cnó sa bFóghmhair agus cuireann sé in a nead iad. Ní feictear ach go fíor annamh é agus tá sé an cumhal ar fad. Má nach mbíonn a sháith cnó aige san nGeimhreadh itheann sé freamha an chrainn ina mbíonn a phluais déanta aige. Deirtear go bhfuil dá pócáí beaga ar gach taobh d'éadan an ioradh ruadh agus gur ins na pócaí beaga ar gach taobh d'éadan an ioradh ruadh agus gur ins na pócaí beaga sin a n-iomcruigheann sé na cnó nuair a bhíos sé 'ghá dtabhairt abhaile dó'n a bpluais.

    An Easóg
    Is ainmhidhe an-crosta an ainmidhe seo má cuireann duine ar bith isteach uirri. Marbhuigheann sé coiníní agus ólann sí a fuil acht
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. seanchas ainmhithe (~1,185)
    Innéacs seanscéalta
    AT0033: The Fox Plays Dead and is Thrown out of the Pit and Escapes
    Teanga
    Gaeilge