Scoil: Sean Bhaile Árd (uimhir rolla 14663)

Suíomh:
An Seanbhaile Ard, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Tomás Ó Murchadha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0083, Leathanach 229

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0083, Leathanach 229

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sean Bhaile Árd
  2. XML Leathanach 229
  3. XML “An Chaoi a gCuirtear na Fataí sa gCeantar Seo”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Seo é an chaoi a cuireann mo dhearbhrathair na fataí san bhfeilm. Ullmhuigheann sé an talamh ar dtús. Treabhann sé é agus gníonn sé iomairí timcheall trí troigh ar leitheadh agus fágann sé mar sin é ar feadh coicíse nó mar sin. I ndeireadh na h-ama sin fuirsigheann sé arís é agus gníonn sé mín réidh é. I rith na coicísí sin beireann sé cairteanna aol amach ó'n cairn aoiligh agus fágann sé ar ceann an ghuirt é. I rith na h-ama sin geárrann mo mháthair na sciollán amuigh san sgioból agus fágann sí súl i ngach sciollán mar is as na súile sin a thagann an gas. Annsin beireann mo dhearbhrathair na sciollán amach do'n gort agus leathann sé aol ar na h-iomairí agus leathann sé na sciollán ar an aoil. Cuireann sé trí sciollán treasna na h-iomairí timcheall troigh i bhfad o chéile. Annsin tochallann sé an díog a bhíos ar gach taobh de'n iomaire agus cuireann sé lár suas ar na h-iomairí agus clúdaigheann sé na sciollán. I gceann míosa nó mar sin tagann na gasa aníos ó'n gcré agus annsin cuireann sé lán suas ar na h-iomairí arís agus clúdaigheann sé na gasa leis an gcré. "Ag cur suas lán" a tugtar ar an obair seo agus nuair a bhíos na baslóga timcheall orlach o's cinn an talamh baineann sé na fiadhaile a fásann isteach tríd na gasa. Tar éis tamaill eile spréadhann sé iad trí uaire in dhiaidh a chéile agus bíonn trí seachtmhaine idir gach spréadháil. Fágtar ag fás iad annsin go dtagann an Fhóghmhair.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. talmhaíocht (~2,659)
          1. prátaí (~2,701)
    Teanga
    Gaeilge