Scoil: Sean Bhaile Árd (uimhir rolla 14663)

Suíomh:
An Seanbhaile Ard, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Tomás Ó Murchadha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0083, Leathanach 219

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0083, Leathanach 219

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sean Bhaile Árd
  2. XML Leathanach 219
  3. XML “Toibreacha Beannaithe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    i dtosach ré na Criostaidheacht i n-Éirinn. Bíonn pátrún chuig an tobar seo ar an naomhadh lá fhichid de mhí Meitheamh agus téigheann a lán daoine ann ar an lá seo. Tá ceithre cros dhéág timcheall an tobair agus téigheann na daoine ar a ghlúnaí o's cómhair na crosa sin agus deireann said paidreacha airithe. Déantar é sin ar feadh ceithre uair dhéag agus tugtar buidéal do'n uisge abhaile i gcomhnuidhe. Deirann na daoine timcheall na h-áite nach féidir uisge an tobair seo a chur ar fiuchadh pé fhad a bheadh sé ar an teine.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge