Scoil: Sean Bhaile Árd (uimhir rolla 14663)

Suíomh:
An Seanbhaile Ard, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Tomás Ó Murchadha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0083, Leathanach 207

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0083, Leathanach 207

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sean Bhaile Árd
  2. XML Leathanach 207
  3. XML “Scéal”
  4. XML “An Cóiste Bodhar”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    draoidheacht ar na gcaiple agus d'athruigheadar ina chait. Deireann na daoine gur é sin an cúis go mbíonn na cait le feiceál ann.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Bhí clann darbh ainm Ó’Ceallach in a gcomhnuidhe i bparáiste Caisleán Nua. Pósadh an t-athair nuair a bhí sé an-óg agus bhí mac amháin aige darbh ainm Miceál. Nuair a bhí Miceál timcheall ocht mbliain d’aois fuair a mháthair bás agus tar éis sin bhí bean eile ag tabhairt aire air. Bhí grádh mór ag an mnaoi do Miceál agus rúd ar bith a n-iarrfadh sé dí tugadh dhó é. Do bhíodh sí i gcomhnuidhe ag innsint sgéalta dhó agus uair amháin d’innis sí sgéal faoin Cóiste bodhar dhó. D’innis sí dhó go bhfaca a lán daoine an Cóiste bodhar taobh amuigh d’á theach féin nuair fuair mháthair bás agus go raibh ceithre capaill faoi gan ceann ar bith ortha na ar an bhfear a bhí ’ghá thiomáint. Do théigeadh an buachaill amach san oidhche uaireannta leis an cóiste aisteach seo fheiceál. Oidhche amháin nuair bhí sé amuigh mar sin rug beirt fhear air agus thug siad leo é. Do mhair an buachaill leo go raibh sé in a fhear mór árd agus annsin d’éaluigh sé abhaile. Nuair shroich sé a theach bhí a athair pósta arís. Níor mhaith leis an bhean seo an mac a teacht abhaile agus d’innis sí a lán bréige faoi do’n athair. Faoi dheire do chuir an t-athair o’n teach é. Nuair bhí an mac ag imtheacht on teach do chas sé leis an cóiste bodhar acht ní raibh fhios aige gurbh’ é an cóiste bodhar a bhí ann. Annsin do chuimhne sé ar an sgéal a chuala sé faoin cóiste bodhar agus do cheap sé go raibh a athair i ngar do’n bhás. Dubhairt sé leis féin annsin nach n-imthéochadh sé i bhfad o’n teach agus
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge